zeno
Create a Station
Explore
Religious
Music
News
Podcasts
Bible
By Genre
By Location
By Language
Download App
Toggle Sidebar
zeno
RTÉ Raidió na Gaeltachta
Barrscéalta
News
Irish
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
Website
Episodes
100
11 June 2026
Caoimhe Ní Chonchoille ó Sheomra na Nuachta.
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
4 min
11 June 2026
Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge.
Ag caint ar dtús ar na léirsithe atá ar siúl i gcathair Bhéal Feirste ón Mháirt, áit a bhfuil cónaí ar féin, agus ar an ócáid atá eagraithe ag Conradh na Gaeilge anseo i nGaoth Dobhair san oíche amárach dírithe ar an téama Éire Aontaithe.
8 min
11 June 2026
An Comhairleoir Contae Denis Mac Aoidh.
Ag caint faoi ghnóthaí meabharshláinte agus chomh tábhachtach is atá sé sa lá atá inniu ann labhairt amach, cuidiú a iarraidh agus tacaíocht a lorg má tá tú ag fulaingt le deacrachtaí meabharshláinte.
13 min
11 June 2026
Micheál Ó Muirí as an Fhál Carrach.
Beidh lá mór siúil anseo sa chontae an deireadh seachtaine seo agus dúshlán na gCruacha Gorma ar siúl le hairgead a bhailiú do charthanachtaí éagsúla sa chontae agus beidh Micheál ag glacadh páirt sa dúshlán i mbliana.
7 min
11 June 2026
An Dochtúir Teaghlaigh Tony Delap, Íoclann An Bhun Bhig.
Ag caint ar an ardú atá tagtha ar líon na ndaoine atá ag fulaingt le galar meabhairshláinte le blianta beaga anuas agus ag tabhairt comhairle do dhaoine maidir leis an dúlagar agus eolas d’éisteoirí faoin mhéid gur féidir déanamh le cuidiú le daoine atá ag streachailt le galar meabhairshláinte.
6 min
11 June 2026
Áine Ní Ghallchóir, Tuairisceoir Nuacht RTÉ/TG4 sna Sé Chontae.
Ag cur síos ar mar a bhí cúrsaí i mBéal Feirste aréir áit a bhfuil círéibeacha ar siúl le cúpla oíche, ghabh na póilíní seisear déag sa chathair aréir agus fágadh dhá phóilín déag gortaithe in eachtraithe éagsula.
4 min
10 June 2026
An Monsignor Caoimhín Mac Giolla Easbuig, Riarthóir na hArdeaglaise.
Tá Ardeaglais Naomh Adhamhnáin i Leitir Ceanainn ag ceiliúradh 125 bliain ó tógadh an Ardeaglais i mbliana agus tá roinnt ócáid eagraithe le ceiliúradh a dhéanamh ar an chlochmíle sin.
7 min
10 June 2026
Cartlann na Céadaoine.
Inniu téann muid siar go dtí an bhliain 1991 nuair a labhair Áine Ní Chuireáin le hiarscoláirí Choláiste Bhríde, coláiste ullmhúcháin a bhí lonnaithe i mBaile Chonaill ar an Fhál Carrach.
7 min
10 June 2026
Gearóid Ó Muilleoir, an t-iriseoir ón Sunday World.
Bhí imní a léiriú i rith an lae inné go dtarlódh agóídí ar fud na cathrach i ndiaidh d’fhear as an tSudáin ionsaí a dhéanamh ar fhear eile sa Chathair le scian Dé Luain. Dódh tithe, dódh carranna agus cuireadh bus ar thine le linn oíche d’fhoiréigin fíochmhar i mBéal Feirste aréir
9 min
10 June 2026
Frances Nic Géadaigh ó sheomra na nuachta.
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
4 min